interactive GDPR 2016/0679 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- sonraí 18
- agus 14
- críocha 14
- chun 10
- pearsanta 8
- phróiseáil 8
- beidh 7
- leis 7
- déanfar 5
- ábhar 4
- cheart 4
- airteagal 3
- ndéanfar 3
- lena 3
- n-áirítear 3
- dhéantar 3
- léi 3
- rialaitheoir 3
- iomchuí 3
- nach 3
- míchruinne 3
- bhaineann 3
- mhoill 3
- leas 2
- mhaithe 2
- cartlannú 2
- phobail 2
- neamhréir 2
- tuilleadh 2
- dhéanamh 2
- réir 2
- ábhair 2
- mhéid 2
- chucu 2
- faide 2
- “teorannú 2
- hairteagal 2
- eolaíoch 2
- stairiúil 2
- staidrimh 2
- gcomhréir 2
- taighde 2
- siad 2
- neamhiomlána 2
- ag an 2
- chomhlánú 2
- de bhíthin 2
- ráitis 2
- soláthair 2
- áireamh 2
Airteagal 16
An ceart go ndéanfaí ceartúcháin
Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gceartóidh an rialaitheoir sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill mhíchuí. Agus na críocha dár ndearnadh an phrósieáil a gcur san áireamh, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfar sonraí neamhiomlána a chomhlánú, lena n-áirítear de bhíthin soláthair ráitis fhorlíontaigh.
Airteagal 5
Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta
1. Maidir le sonraí pearsanta:
(a) | déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhair sonraí (“dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht”); |
(b) | déanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin; tuilleadh próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun críocha staidrimh, ní mheasfar, i gcomhréir le hAirteagal 89(1), go bhfuil sí ar neamhréir leis na críocha tosaigh (“teorannú de réir cuspóra”); |
(c) | beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (“íoslaghdú sonraí”); |
(d) | beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad; déanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil (“cruinneas”); |
(e) | déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach; féadfar sonraí pearsanta a stóráil le haghaidh tréimhsí níos faide a mhéid nach ndéanfar na sonraí sin a phróiseáil ach amháin chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1) faoi réir chur chun feidhme na mbeart iomchuí teicniúil agus eagraíochtúil a cheanglaítear leis an Rialachán seo d'fhonn cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú (“teorannú stórála”); |
(f) | déanfar iad a phróiseáil ar chaoi go n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla (“sláine agus rúndacht”); |
2. Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (“cuntasacht”).
Airteagal 16
An ceart go ndéanfaí ceartúcháin
Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gceartóidh an rialaitheoir sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill mhíchuí. Agus na críocha dár ndearnadh an phrósieáil a gcur san áireamh, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfar sonraí neamhiomlána a chomhlánú, lena n-áirítear de bhíthin soláthair ráitis fhorlíontaigh.
whereas
dal 2004 diritto e informatica